2026 Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge

$165.00

Feabhra 2026

A chara,

Bhí deis againn filleadh ar Long Beach Island anuraidh, agus bhain muid an-taitneamh go deo as. Agus is cúis mhór áthais dúinn anois a fhógairt go rachaimid ar ais sul i bhfad chun Deireadh Seachtaine Lán-Ghailge a cheiliúradh! Nach mbíonn an-spraoi againn ar LBI i gcónaí? Agus bainimid sult ar fad as an seans a bheith lenár gcairde agus a bheith ag caint agus ag cloisteáil an Ghaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán.

Mar is gnách, beidh muid ag an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences i rith an lae. Is suíomh álainn é, agus beidh muid ábalta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón ar an Satharn chomh maith (béilí éadroma iad sin uilig). Is dream an-fháilteach iad ag an LBI Foundation; agus tá fonn mór orthu muide a fheiceáil ar an oileán arís.

Mar is iondúil, beidh ranganna ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ar fáil. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche. Le haghaidh na hócáide seo, mar is gnách, beidh Seomra Fáilte againn ag an Haven Beach Motel; agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag an mbialann Arlington oíche Dé Sathairn.

Cuireann An Coimisiún Fulbright in Éirinn agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. An dtiocfaidh tú isteach sa chomhluadar seo? Tá gach eolas thíos, agus tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta. B’aoibhinn linn do chuideachta!

*********************************************************************************************************************************

CRUINNIÚ TOSAIGH - 9:00 Oíche Dé hAoine - Haven Beach Motel

Dátaí: 27 Márta - 29 Márta 2026
Suíomh: Haven Beach Motel, Long Beach Island (Ocean County), New Jersey
Costas: $165 ar lóistín, béilí agus na himeachtaí go léir
Béilí: Dé Sathairn - Trí bhéile. De Domhnaigh - Bricfeasta agus Lón
Clárú: Spriocdháta - 20 Márta 2026
Am Teacht: Dé hAoine - Am ar bith thar éis 5:00 u.t. Cruinniú Tosaigh - 9:00 u.t.
Ceisteanna: Déan teagmháil linn - Daltaí na Gaeilge

Eolas an Bhealaigh

Haven Beach Motel
11004 Long Beach
Haven Beach, New Jersey 08008

Guthán: (609)492-6223
Facs: (609) 492-1350

CRUINNIÚ TOSAIGH ANSEO - 9:00 Oíche Dé hAoine

Tóg an Garden State Parkway go dtí Bealach Amach #63 - Cúrsa 72 Soir.

Téigh 7.3 míle (thar Ron John’s agus an Wawa) siar go deireadh.

Cas ar dheis agus beidh tú ar Long Beach Boulevard.

Lean ar aghaidh 4.1 míle (giota beag thar éis an Acme) agus feicfidh tú an Haven Beach Motel ar thaobh na láimhe deise.

Tá tú anseo!

Take the “Garden State Parkway” to Exit £ 63 - Route 72 East.

Go 7.3 miles (past “Ron John’s” and the “Wawa”) all the way to the end.

Turn right and you will be on “Long Beach Boulevard”.

Continue on for 4.1 miles (a little bit past the “Acme”) and you will see the “Haven Beach Motel” on the right-hand side.

Tá tú anseo!

OPENING MEETING HERE - 9:00 Friday Evening